Mise Agus An Ghaeilge


Hey achan duine agus fáilte ar ais go dtí Stay Sásta. Mar a gheall mé daoibh beidh mé ag scríobh cúpla blag as gaeilge. Chuir daoine ceist orm an mbeadh mé  abálta an blag a scríobh as béarla faoi seo sa dóigh go mbeadh sibh uilig abálta sult a bhaint as seo. Agus b’fhéidir cúpla frása nua a fhoghlaim! Inniu tá mé chun mo scéal leis an Ghaeilge a insint daoibh. Súil agam go mbaineann sibh sult as.


Tá mé ina chonaí ins an Ghaeltacht ach bhog mo mháthair anseo ón Albain nuair a bhí sí óg agus mar sin ní raibh morán Gaeilge aici, agus shocraigh siad muid a thógáil le Béarla. Thosaigh mé an bhunscoil anseo i Machaire Rabhartaigh i 2005 agus ní raibh morán Gaeilge agam. Bhí orm ranganna sa bhreis a dhéanamh chun mo  chuid Ghaeilge a fheabhsú agus ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar na laethannta a chaith mé ag foghlaim le na puipéid Lug agus Gug. Bhí grá agam don dramaíocht sa bhunscoil agus bhí mé i gcónaí páirteach sna comórtais filíochta Abair Dán agus Réalt Uladh. Ní raibh sé go dtí deireadh an bhunscoil gur rinne mé cinneadh mo chuid scoilaíochta uilig a dhéanamh trí mhéan na Gaeilge. Is cumhin liom an chéad am a dúirt Mamaí liom faoi ag déanamh an “Sruth Gaelach” ins an mhéanscoil. Ní raibh mé ag iarraidh é a dhéanamh ar chor ar bith mar bhí mé ag iarraidh a bheith i ranganna le mo chuid chairde. Ach ar deireadh thiar thall chonaic mé na buntáistí a bhí ag baint le na ranganna beaga agus shocraigh mé an Sruth Gaelach a dhéanamh.


Thosaigh mé an mhéanscoil i 2013. Chaith mé 4 bliana i bPobalscoil Chloich Cheannfhaola. Rinne mé an sruth gaelach suas go dtí an 4ú bliain. Bhí cuid mhór deiseanna agam ins an scoil ó tráth na gceist Feachtas, go dtí Scléip agus cuireadh go dtí an Dáil. Shocraigh mé bogadh go dtí Pobalscoil Ghaoth Dobhair sa bhliain 2017. Bhog mé mar go raibh mé ag iarraidh a bheith i ranganna níos mó (ní raibh ach beirt againn i mo rang staire) agus a bhí mé ag iarraidh freastal ar scoil lán ghaeilge. Chaith mé dhá bhliain ansin agus bai ad sin na blianta is fearr. Nuair a tháinig mé go dtí an séú bhliain bhí fhios agam go raibh mé ag iarraidh bheith I mo  mhúinteoir bunscoile. Nuair a d’inis m’aintín dom faoin gcúrsa úr a bhí le tosnú i Marino, bhí fhios agam gurb seo an cúrsa domsa. Rinne mé TEG agus dóigh éigin fuair mé na pointí don chúrsa (lol).


Bhí mé mar cheannaire i gcoláiste Gael Linn i samhradh 2019. Bhí seo mar cheann de na trí seachtainí is fearr i mo shaol. D’fhoghlaim mé cuid mhór agus rinne mé cairde don saol. Mar go bhfuil mé ina chonaí ins an Ghaeltacht ní raibh an deis agam dul chuig coláiste samhraidh ach leis an bpost mar cheannaire bhí an deis agam saol an scoláire a fheiceáil. Thosaigh mé i Marino i mí Méan Fomhair 2019. Ón chéad lá bhí a fhios agam go raibh mé san áit cheart. Tá mé ina chonaí le cailín eile ó Chorca Dhuibne  agus is muidinne an t-aon bheirt ón Ghaeltacht. (Hey Tríona).  Nuair a bhuail mé léi an chéad lá níor thuig mé focail a dúirt sí. Ach anois tuigim na canúintí uilig. Ar an chéad lá cuireadh ceist orm labhairt faoin gcúrsa ar nuacht TG4, bhí sé mar ceann de na na rudaí is scanrúla a rinne mé riamh. Leis an gcúrsa d’fhás mo ghrá don ghaeilge. Labhraíonn muid Gaeilge gach uile lá, agus mar sin tá feabhas tagtha ar mo chuid gaeilge. Bhí an deis agam taisteal go dtí Corcaigh don comhdháil Gaeloideachas agus dul chuig an Oireachtas i mbliaina. Bhain mé cuid mhór sult as an Oireachtas, deireadh seachtaine dochreidte a bhí ann!! Fosta i mbliaina bhí an deis agam ceardlann a dhéanamh le Raidió Rí Rá. Anois tá clár ag mé fhéin, Amy agus Tríona gach maidin Luan ón 8-10.Tá an oiread sin taithí faighte agam uaidh seo dochreidte. Bhain mé an-sult as na laethanta a chaith muid gach seachtain ag dul isteach sa chathair chun clár a thaifeadadh.

Okay an póinte deirneach atá agam faoin Ghaeilge i mo shaol ná na cairde. Tá rud éigin speisialta faoi na cairde a dhéanann tú tríd an Ghaeilge. Tá cairde agam timpeall an tír uilig a bhuail mé leo mar gheall ar an Ghaeilge. Tuigeann muid uilig an tábhacht atá ag baint leis an Ghaeilge. Tá an saol trí Ghaeilge an-bheag agus tá fhios ag achan duine, duine atá fhios agat. Beidh mé dualta i ngrá leis an Ghaeilge go dtí deireadh mo shaol. Tá súil agam gur bhain sibh sult as an scéal beag seo!

Le grá,

M x


 

 

Hey everyone and welcome back to Stay Sásta. As promised I will be writing a couple of blogs as Gaeilge. A few people asked me if I could add an English translation under the irish so that everyone can enjoy. And maybe even pick up some new phrases! Today I am goin to tell you guys my life with Gaeilge. I hope you all enjoy!

 I live in the Gaeltacht but my mum moved here from Glasgow and didn’t have much irish, so they decided to raise us through english. I started primary school here in Magheroarty in 2005, not having much irish.I had to take extra classes to improve my irish and I’ll never forget learning vocab with the puppet Lug agus Gug. I loved drama in school and I was always involved in poetry competitions like Abair Dán and Réalt Uladh. It wasn’t until the end of primary school that I decided to do all my schooling though Irish. I remember the first time Mum mentioned doing the “Sruth Gaelach” in secondary school. At first I didn’t want to do it at all because I wanted to be in a class with my friends. But in the end up I saw the benefits of the small classes and I decided to do the “Sruth Gaelach”.

I started secondary school in 2013. I spent 4 years in PCC and I did all four years in the sruth gaelach. I had so many opportunities in the school from Feachtas quizzes, Scléip and an invite to the Dáil. I decided to move to PSGD in 2017. I moved because I wanted to be in bigger classes (there was only 2 in my history class in PCC) and to be in an all irish school. I spent 2 years there and they were the best. When I got to 6th year I knew I wanted to be a primary school teacher. When my auntie told me about the new course coming to Marino, I knew it was the course for me. I did TEG and somehow I got the points (lol).

I was a ceannaire at Gael Linns summer college here in 2019. Those 3 weeks were the best 3 weeks ever. I learnt so much and I made friends for life. Because I live in the Gaeltacht I never got to go to a Gaeltacht course so from being a ceannaire I got a glimpse of the scolaire life. I started in Marino in September 2019. From the first day I knew I was in the right place. I live with a girl from Coirce Dhuibne and we’re the only two from the Gaeltacht.( Hey Tríona). When I first met her I didn’t understand a word she said. But now I understand all the different dialects. The first day of our course I was asked to talk on the TG4 news, and it was one of the scariest things I’ve ever done. With this course my love for irish grew. We all talk Irish every day and because of this I’ve improved my irish. I had the opportunity to travel to Cork for the Gaeloideachas convention and I got to go to the Oireachtas. I really enjoyed the Oireachtas, it was an amazing weekend!! Also this year I had the chance to do a workshop with Raidió Rí Rá. Now me, Amy and Tríona have our own show every Monday from 8-10 called Ag Caint Leis Na Cailíní. The amount of experience I gained from this was unbelievable. I loved the days we would spend going into the city to record shows.

Okay my last point about Irish is the friends. There is something special about the friends you make through Irish. I have friends all over the country that I met because of irish. We all understand the importance of irish. The gaeilge life is so small and everyone will know someone you know. I will definitely be in love with Gaeilge for my whole life. Hope you guys enjoyed.

Le grá,

M x

Comments

Popular posts from this blog

Split, Croatia - 5 DAY ITINERARY🥥🌊🌞🗺️🤍

Going from stuck in a rut to sticking to a routine

Fáilte